Dé Domhnaigh, Deireadh Fómhair 01, 2006

AR AIS I SANTA CRUZ

Chuaigh mé ar ais go Santa Cruz inniú le Stephan tar éis seachtann saor againn ón chóir. An tseachtann seo cáite bhí mé ag freastal ar an fleadh i Sebastopol. Ní raibh an méid céinne daoine ann toisc sochradh chara a bhí ar siúl ach bhí spiorad maith sa cheol.
Chleachtamar na trí chinn a bhí foghlamtha cheanna agus d'fhoghlamar ceann nua fosta, sé sin "Bí thusa mo shúile""Be Thou My Vision". I ndáirire ní amhráin Nollaig an ceann seo ach tá fonn an-deas ag gabhail leis agus is dóigh go bhfuil sé ar eolas ag a lán daoine ón leagan Bearla.
Chaith mé treimhse beag áma le Máire tar éis an rang. Bhí ar Stephan cuairt a thabhairt ar a mhac atá mar macléinn ina chead bhlian i UC Santa Cruz, dá bhrí sin bhí ám le breis againn chun comhrá a dhéanamh. Chuamar síos go dtí an Peets i lár na cathrach agus ghlacamr cupán caife fhad is a bhíomar ag cainnt. Bhí comhrá spéisiúl againn faoin fleadh cheol Sebastopol agus an Deireadh Seachtainne Gaeltachta ina freastal Máire an seachtainn seo chaite. Is docha go raibh Liam agus Éamon ó Oideas Gael mar múinteoirí i rith an deireadh seachtainne.

No comments: