DON TRATHNONA UD I SANTA CRUZ
Níl aon griangraf agam inniú toisc nach raibh mo cheamara liom i Santa Cruz.
B'é inniú an cead la oifigiúl don chóir. Bhí thart faoi ochtar daoine deag i láthair. Bhi an mór-chuid do na daoine ann ón seachtain seo chaite agus slua mór eile do dhaoine nua.
Chuaigh me ann le Stephan i mo ghluaisteán. Ta sé ina chónaí i Menlo Park. Beimid i ndán dul le chéile gach uile seachtan agus b'fhéadar fiú cleachtadh le chéile i rith na seachtaine.
D'fhoghlamar "Alleluia" ón seachtain seo cháite agus ceann nua fosta, "Don oíche úd i mBeithil".
Is maith liom bheith ag canadh leis an grúpa ceol seo.
Ní bheidh aon rang Domhnach seo chugainn toisc go mbeidh "Deireadh Seachtaine sa Ghaeltacht" ar siúl i San Francisco. Ach is cuma liomsa mar beidh mise ag freastal ar an Celtic Folk Festival i Sebastopol.
No comments:
Post a Comment