Dé Sathairn, Feabhra 10, 2007

CUMANN NA LEABHAIR I mBERKELEY


An scríobhneoir Katherine Anne Porter

Chuaigh mé suas go San Francisco go moch ar maidin inniú chun dul thar Droighid an Bá le AnneMarie, ag freastal ar crinniú in aghaidh na míosa don chumann. Chuamar ann le chéile in a Prius (Prius Tim i ndáirire). Bhíomar ag teacht le chéile, mar is ba gnáth, i mBerkeley ag bialann AuCoquelet. Bhí ceathrar dúinn i gcuideachta - mé féin agus AnneMarie, Art agus Janice. Chuir Greta rphoist chugainn a rá go raibh sí tinn agus níor chualamar faic ó Tony.
Bhí an leabhar go léir - Pale Horse, Pale Rider - leite ag AnneMarie agus mé féin. Ní raibh sé críochnaithe fós ag Janice (ní raibh ach dá leathanach fagtha le léamh aici - na dá leathanach is tabhachtaí sa scéal). Ach oiread ag Art. Nuair a thosamar ag déanamh comhrá faoi na trí gearrscealtanna sa leabhar dúirt Art nach raibh ach an ceann deireanach leite aige toisc gurb é sin an scéal le teidil "Pale Horse, Pale Rider". Níor léamh sé na gearrscealtanna eile sa bailiúchán ar chorr ar bith!
Shocramar "Slow Man" le J. Coetzee a léamh mar an cead leabhar eile don chumainn.
Tar éis an criunniú chuaigh mé thar n-ais go teach AnneMarie. D'iarr sé orm teacht isteach ar feadh seal beag. Ní raibh Tim sa teach (bhí sé amuigh ag an margadh ag iarraidh teacht ar "duck confit"). Bhí cupán té deas againn le chéile, ag cainnt is ag comhrá go dtí gur thainig Tim abhaile. (Chuaigh mé go irish dictionary online chun aistriú a fháil dos na focail "duck confit" ach go deimhin ní raibh sé le fáil.

Dé Máirt, Feabhra 06, 2007

CEANN, CEANN EILE


Tá roinnt oibrithoirí sa teach ag cur urlár adhmaid in ionad an brat urláir. Bhí orainn gach rud a thógáil amach as an seomra, fiú na nithe ar an bhalla. Thug Rich an griangraf seo sa dtreo go mbeidh a fhios aige conas iad a chur thar n-ais ins an áit ceart.

Dé Domhnaigh, Feabhra 04, 2007

BUDDHA


Tháinig na hOllanaigh ar cúirt orainn nuair a bhíomar ag déanamh roinnt obair sa teach Loyola. Bhí Aukje buartha toisc go raibh dealbh an Buddha imithe ón gáirdín. Seo an Boeddha atá anois sa gháirdín againn ar Ravenswood.

(Táim ag smaoineamh nach Buddha ar chor ar bith é ach Bodhisattva - ach sin scéal eile.)